Gaeilge

Ráiteas misean i leith na Gaeilge


Tá an-mheas go deo againn ar thraidisiún láidir na teanga in i dTír Chonaill, agus mar sin déanann muid gach aon iarracht í a úsáid nuair is féidir linn.

A oiread agus is féidir, bheadh Gaeilge feiceálach ar an tsuíomh idirlíon, ar póstaeir, bileoga srl, agus más rud ´go bhfuil deis againn togra a dhéanamh le Gaeilge mar phríomhtheanga, foilseofaí gach rud go dátheangach.

Déanfar a oiread agus is féidir de pháipéarachas na heagrais a bheith i nGaeilge.

Nuair a bheadh folúntais le líonadh maidir leis an tionscnamh, tabharfar tús áite d'fhostaithe feiliúnach ó thaobh na healaíona de go bhfuil Gaeilge ar a gcumas acu nó tacaíocht a chuir ar fáil d'fhostaithe go mbíonn fonn ortha Gaeilge a fhoghlaim.

Cuirfear in iúil do dhaoine fostaithe leis an tionscnamh go bhfuil polasaí iompar teanga ag an eagrais agus go bhfaighfí amach acu an mbeidís sásta freastal ar rang Gaeilge muna bhfuil Gaeilge.

Bheadh duine san eagrais ar fáil a d'fhéadfadh agallamh a dhéanamh trí Ghaeilge. 

Bheadh sé mar nós ag an eagrais go mbeidh Gaeilge sa chumarsáid a déantar le dreamanna eile, go h-áirithe le heagrais Gaeltachtaí eile.


Is fearr Gaeilge bhriste, ná Béarla cliste.